Physical Address
304 North Cardinal St.
Dorchester Center, MA 02124
Physical Address
304 North Cardinal St.
Dorchester Center, MA 02124
Tá cleachtadh ag an aos scoile ar nótaí a ullmhaíonn comhlachtaí ionas nach gá do dhaltaí éisteacht i gceart lena gcuid múinteoirí. Agus tá cleachtadh ag an aos ollscoile ar nótaí a bhailiú óna chéile d’fhonn bladar an léachtóra a chuimsiú in aon chnó beag amháin. Go deimhin, is é atá sa seanfhocal ná gaois na milliún gamal síceolaíochta arna chur le chéile in aon phóca abairte amháin.
Ní gá dúinn Das Kapital a léamh (más féidir) lena thuiscint go ngineann airgead airgead níos tapúla ná mar a ghineann saothar duais an allais. Agus ní gá an tiomna nua a léamh le gaois an linbh a fháil, gur cheart a bheith cothrom le cách nuair atá na milseáin á roinnt.
Mar sin féin agus ar an gcuma chéanna éilíonn an saol nua friseáilte orainn go bhfaighimis freagraí go pras agus go mbainfimis an smior as an gcnámh gan an chnámh a láimhseáil sa chéad áit. Ar deireadh thiar, agus nuair atá an uile ní ráite, agus na ba go léir istigh sa bhuaile, agus an Satharn buailte ort, agus an liathróid bheag dheireanach i bpoll na cluaise, agus na ceoltóirí dulta abhaile dá mbotháin féin, agus an fheadóg dhéanach séidte, agus an fháinleog is leisciúla tar éis filleadh ar Capistrano, agus an fhiacail deiridh tarraingthe as an siorc mór bán, agus an bronntanas is déanaí seachadta ag Santa, agus an teidí a cailleadh ag an bpicnic fionnta, agus an seomra sciúrtha is sciomartha, nó an driosúr déanta agus deannaithe, ní féidir an ghaois a phacáistiú chomh fuiriste sin.
An ghaois atá sa seanfhocal, ní foláir í a cheannach le haois is le taithí is le cleachtadh saoil. An teagasc atá sa tsíceolaíocht caithfear é a cheannach le hairgead, le baothmhuinín agus le mórchreideamh sna piseoga.
Ina dhiaidh sin is uile, níl ag aon duine againn ach aon saol amháin (go bhfios dúinn) agus ní acmhainn dúinn beathaí eile a chaitheamh muran Hindúigh sinn, agus i ndán dúinn filleadh mar sciathán leathair nó mar phlatapas lachaghobach. Chuige sin, ní miste linn teacht ar phiollaí na gaoise, pé áit as a dtugtar dúinn iad.
B’é an Readers Digest a dhein é sin dá lán (saghas ‘Ar fhaitíos gur chaill tú é’ tuairisc.ie), cé nach gcloisim oiread sin ina thaobh níos mó. Léadh m’athair é le díocas cé nár shíl sé riamh go mba thobar na feasa é. Bhíodh cairn díobh ar an urlár in aice na leapan aige, agus ar fud an tí ar a seal, agus is ann a fuaireas scéalta grinn nach raibh aon bhun leo ach an magadh féin, cé nár mhiste sin.
Cad a thabharfá ar mhadra draíochta? Níl a fhios agat? Labracadabrador!
Cén fáth gur gean le Francaigh seilmidí? Mar ní maith leo bia gasta!
Ach is dóigh liom go rabhas sa bhunscoil nuair a fuaireas ceacht teangeolaíochta as. Dúradh gur cuireadh abairt isteach i meaisín aistriúcháin i bhfad sula raibh aon trácht ar Google translate, abairt ón mBíobla Béarla, ‘the spirit is willing, but the flesh is weak’. Iarradh ar í a aistriú go Rúisis, agus b’é a tháinig amach, ‘the ghost is ready, but the meat is raw’.
Níl a fhios agam cad ina thaobh gur thuigeas ag an am gur mhagadh ciníoch teanga a bhí á chur os ard, murarbh é go díreach toisc b’fhéidir gur cheapas go raibh an leagan bréagRúisise níos fileata.
Ní hé nach raibh ábhar le foghlaim as, tá sás foghlama faoi na clocha is tirime amuigh – an tsíceolaíocht féin, b’fhéidir. Ach níl aon chóngar chun na gaoise, ní foláir í a scagadh as na driseacha saoil ar fad, agus as na heipeafáiní aoibhnis a thagann chugainn go léir.